Module Code - Title:
GA6141
-
AN GHAEILGE CHLASAICEACH & LéANN NA LáMHSCRíBHINNí
Year Last Offered:
2023/4
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Cuirfidh an modúl seo ar chumas na mac léinn eolas a chur ar theanga & litríocht na Gaeilge Clasaicí agus ar Léann na Lámhscríbhinní. Cuirfidh na mic léinn eolas ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge Clasaicí trí mhionléitheoireacht a dhéanamh ar rogha téacsanna (ina measc an dán díreach agus filíocht na scol nó téacsanna próis ón tréimhse) i gcomhthéacs teagaisc agus foghlama gníomhaí. Leagfar béim ar chúrsaí teanga agus meadarachta agus ar lámhscríbhinní a léamh, giorrúcháin a aithint agus a scaoileadh, agus ar nósanna maidir le téacsanna a chur in eagar. Cuirfear ar chumas na mac léinn brí a bhaint as na téacsanna sa chomhthéacs cultúrtha agus staire ar eascair siad as. Cuirfidh na mac léinn eolas ar chultúr, ar dhéanamh, agus ar chomhthéacs na lámhscríbhinní. Rachaidh siad i ngleic leis an gcaoi ar tháinig na lámhscríbhinní anuas chugainn freisin agus ar an gcaoi a ndéantar iad a chaomhnú agus a dhigitiú sa lá atá inniu ann.
Syllabus:
Téann an modúl seo i ngleic le teanga, le meadarachtaí, le stair agus le cultúr na tréimhse 1200-1650; le téacsanna tábhachtacha ón tréimhse; le léirmhíniú a thabhairt ar théacsanna; le léamh na lámhscríbhinní; leis an eagarthóireacht théacsúil, agus le caomhnú na lámhscríbhinní agus leis an digitiú.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích ag an mac léinn go sásúil:
- beidh sé in ann eolas a léiriú ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge Clasaicí trí roghanna téacsanna a léamh
- beidh sé in ann na téacsanna a chur i gcomhthéacs na tréimhse staire ar cumadh na téacsanna inti agus na tuiscintí sin a chur i bhfeidhm ar na téacsanna
- beidh sé in ann idirdhealú a dhéanamh idir foinsí bunaidh agus foinsí tánaisteacha agus an dá chineál a mheas go criticiúil
- beidh sé in ann tuisint a léiriú ar chaomhnú agus ar dhigitiú na lámhscríbhinní ó bheith ag breathnú ar lámhscríbhinní Gaeilge i Leabharlann Glucksman agus ar thioscnaimh dhigitithe (m. sh. Meamram Páipéar Ríomhaire)
- beidh sé in ann téacsanna ó ré na Gaeilge Clasaicí a mheas ag tarraingt ar chur chuige a bhaineann le cúrsaí teanga, le cúrsaí litríochta, le comhthéacs na staire agus le sochaí na linne a chur san áireamh
Affective (Attitudes and Values)
- beidh sé in ann tuiscint a léiriú ar an gcaoi a dtéann athruithe i bhfeidhm ar chúrsaí teanga agus ar an bpobal
- beidh sé in ann tuiscint a léiriú ar an tábhacht a bhaineann le comhthéacs na staire agus le comhthéacs na ngléasanna scríbhneoireachta (lámhscríbhinní) chun dul i ngleic le téacsanna
Psychomotor (Physical Skills)
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Déanfar an t-ábhar a theagasc i bhfoirm léachtaí/ceardlann/seimineár. Leagfar béim ar leith ar mhodheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí sna seisiúin seo agus bainfear usáid as meascán díospóireachtaí, obair ghrúpa, cur i láthair, piarmheastóireacht, scríbhneoireacht mhachnamhach agus fóraim plé ar líne chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú. Déanfar sraith ceachtanna a bhaineann le léamh na lámhscríbhinní agus le téacsanna a chur in eagar mar chuid de sin. Beifear ag súil leis go gcuirfidh an mac léinn lena chuid eolais trí staidéar a dhéanamh as a stuaim féin.
Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):
Prime Texts:
Kim McCone et al.
(1994)
Stair na Gaeilge
, An Sagart
Knott, Eleanor (1957)
Irish Syllabic Poetry
, Dublin Institute for Advanced Studies
Burrow, J. A. (2008)
The Poetry of Praise
, Cambridge University Press
Nicholls, Kenneth (2003)
Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages
, Lilliput Press
Simms, Katharine (2009)
Medieval Gaelic Sources
, Four Courts Press
Bischoff, Bernhard (1990)
Latin Palaeography: Antiquity and the Middle Ages
, Cambridge University Press
Clemens, Raymond & Graham, Timothy
(2007)
Introduction to Manuscript Studies Paperback
, Cornell University Press
Kwakkel, Erik (2018)
Books before Print
, Amsterdam University Press
O'Neill, Timothy (2014)
The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts from the Earliest Times
, Cork University Press
Breatnach, Pádraig A. (1997)
Téamaí taighde Nua-Ghaeilge
, An Sagart
Breatnach, Pádraig A. (2013)
The Four Masters and their manuscripts. Studies in palaeography and text
, Dublin Institute for Advanced Studies
Breatnach, Caoimhín (2011)
MANUSCRIPT ABBREVIATIONS AND OTHER SCRIBAL FEATURES IN THE "LIBER FLAVUS FERGUSIORUM'
Ériu 61, 95-163
,
Breatnach, Pádraig A. (1983)
'The chief's poet', Proceedings of the Royal Irish Academy 83 C, 37-79.
,
Ó Cuív, Brian (1973)
'The linguistic training of the medieval Irish poet' Celtica 10, 14-40.
,
Other Relevant Texts:
Ó Riain, G. (2010)
'The textual quality of the Book of the O'Conor Don' in P. Ó Macháin (eag.) The Book of the O'Conor Don: Essays on an Irish Manuscript, 132-165
, Institiúid Ard-Léinn Baile Átha Cliath
Ó Riain, G. (2019)
'The Poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe: Manuscript sources, themes, and structure' in P. Riggs (eag.), Giolla Brighde Mac Con Midhe: The Poet and His Craft, 71-127
, Irish Texts Society
Ó Riain, G. (2017)
Dá dTrian Feasa Fiafraighidh: Essays on the Irish Grammatical and Metrical Tradition
, Institiúid Ard-Léinn Baile Átha Cliath
McManus, D. (1994)
Teanga an Dána agus teanga an phróis, Léachtaí Cholm Cille, 24, 114 - 135
, An Sagart
Carney, J. (1973)
'Society and the bardic poet', Studies 62, 233-50.
,
Ó Macháin, P. (2019)
The emergence of the Gaelic paper manuscript: a preliminary investigation', in P. Ó Macháin, Paper and the paper manuscript: a context for the transmission of Gaelic literature, 21-43
, Cork
Ó hUiginn, R. (2015)
Lebor na hUidre. Codices Hibernenses Eximii I.
, Acadamh Ríoga na hÉireann
Ó hUiginn, R. (2018)
Book of Ballymote. Codices Hibernenses Eximii II.
, Acadamh Ríoga na hÉireann
Ó hUiginn, R. (2004)
Oidhreacht na lámhscríbhinní,
Léachtaí Cholm Cille, 34.
, An Sagart
Programme(s) in which this Module is Offered:
Semester - Year to be First Offered:
Module Leader:
Generic PRS